Archive | Ceol

Cluichí na gContaetha

Bhain Ard Mhacha Cluichí na gContaetha anocht!


Posted in Ceol, Comórtais, Craic, Gaeilge, Nuacht0 Comments

Ceisteanna Craiceáilte!

Bhí an-chomórtas againn sa Halla Mór an oíche faoi dheireadh nuair a reáchtáladh Tráth na gCeisteanna Mór do scoláirí ar Chúrsa na Cásca.

Bhí trí chomórtas ann, do scoláirí GCSE, AS agus A2.  Tháinig buachaillí ó Theach Bhridie Mhary Harlaí slán leis an duais mhór ag an deireadh agus bhí an-chéiliúradh acu.

Féach ar na grianghraif a ghlac muid i gcaitheamh Thráth na gCeisteanna!

Posted in Ceol, Comórtais, Craic, Gaeilge, Nuacht0 Comments

Chuaigh muid chuig an dioscó…

Oíche mhór dhamhsa a bhí againn an oíche faoi dheireadh nuair a d’fhág muid slán leis na ranganna agus chuaigh muid chuig an Dioscó!

Ceol iontach, damhsa den chéad scoth agus craic ar dóigh!

Féach na grianghraif thíos…

Posted in Ceol, Craic, Damhsa, Gaeilge, Nuacht0 Comments

Bhí an-chraic againn ag an Chéilí

Bhí an-chraic againn ag an Chéilí

Is deas tús a chur le cúrsa ar bith le Céilí Mór maith agus sin a bhí againn i Loch an Iúir ar Satharn na Cásca.

Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse agus Tonnaí Thoraí abú!

Féach ar na grianghraif thíos ón chéilí, agus tá físeán againn chomh maith!

Posted in Ceol, Craic, Gaeilge, Nuacht0 Comments

Cúrsa na Cásca faoi lánseol!

Táimid uilig i Loch an Iúir an tseachtain seo ag baint suilt as Chúrsa Mór na Cásca.

Dianchúrsa ullmhúcháin do scrúduithe GCSE, AS agus A2 atá ann agus tá corradh le 170 scoláire ag freastal ar an chúrsa.

Bíonn ranganna againn gach maidin, tráthnóna agus oíche, chomh maith le siamsaíocht san oíche.

Tá an t-atmaisféar go hiontach ar an chúrsa i mbliana.  Féach ar na grianghraif a ghlacadh le linn na seachtaine seo.

Posted in Ceol, Comórtais, Craic, Damhsa, Gaeilge, Nuacht, Spórt0 Comments


Coláiste Mhuire TV


Fáilte go colaistemhuire.net

Tá Coláiste Mhuire Loch an Iúir ag soláthar cúrsaí Gaeilge do dhaoine óga ó 1945. Tá an coláiste suite i nGaeltacht álainn na Rosann, i gcontae Dhún na nGall. Eagraítear cúrsaí Gaeilge do dhaoine óga idir 11 - 18 aois ag an Cháisc agus le linn mhíonna an tsamhraidh.

Facebook